| English
Tá “Oíche Ghaelach” á beartú againn d’ionad siamsaíochta i lár Bhaile Átha Cliath agus ba mhór linn do chabhair. Oíche Ghaelach? Trian le caint, trian le ceol, trian le hamhráin na Gaeltachta mar aon le nua gach bidh agus sean gach dí agus corr-steip damhsa.
Má tá Gaeilge agat féin agus más áil leat tamall a chaitheamh i gcomhluadar lucht labhartha na Gaeilge i mBaile Átha Cliath cuir scéala chugainn. An Chéadaoin an oíche atá i gceist, gach céadaoin a fhad is a mhairfeas an fonn scléipe is scoraíochta ionainn. Tá an dáta le socrú go fóill agus beidh ionad againn i lár na cathrach áit a mbíonn turasóirí ag cuartú a n-oidhreachta.
Más féidir leat gléas ceoil a sheinm nó amhrán as Gaeilge a chanadh nó steip damhsa a dhéanamh tugaimid cuireadh duit a bheith i láthair ach scéala a chur chugainn roimhré á rá go bhfuil tú ag teacht. Munar féidir leat a leithéid sin d'oirfidíocht a chur ar fáil cuirfear na múrtha fáilte romhat más mian leat bheith sa chomhluadar agus tacaíocht a thabhairt don iarracht seo.
Tá cuireadh á thabhairt againn do lucht labhartha na Gaeilge teacht agus a scíth a ligean ag éisteacht le ceol traidisiúnta agus le scoth na n-amhrán i nGaeilge. Cé go bhfuil súil againn go mbeidh an Ghaeilge in uachtar i rith na hoíche beidh sé sin ag brath orthu siúd a bheidh i láthair.
I ngeall ar an ionad áirithe seo a bheith i gceantar turasóireachta Bhaile Átha Cliath beifear ag glacadh go cúirtéiseach le cuairteoirí gan Ghaeilge d’fhonn is go mbaine siad siúd taitneamh as an ócáid chomh maith ach gan dearmad a dhéanamh ar chuspóir na hoíche: an Ghaeilge, na hamhráin agus an ceol a chur os comhair an tslua.
Ní hionann an oíche seo agus gnáth-sheisiún “Plastic Paddy” i mBéarla. Is mian linn go gcruthófaí ócáid Ghaelach a bhféadfaí a thaifeadadh do Raidió na Gaeltachta nó TG4.
Beidh clár na siamsaíochta gach oíche ag brath ar na ceoltóirí agus ar na hamhránaithe atá sásta teacht agus amhrán a rá nó dreas ceoil a sheinm. Má tá suim agat sa tionscnamh seo agus más mian leat cuidiú linn é a eagrú nó tacaíocht a thabhairt sa lucht éisteachta, mar oirfideach, nó ar bhealach ar bith eile bheimis faoi chomaoin agat ríomhphost a chur chugainn nó glaoch ar 01-6104442.
Ba bhreá linn scéala a fháil ó bhuíonta ceoltóirí a bhfuil Gaeilge acu agus a bheadh sásta seinm i seisiún san ionad ó Oíche Ghaelach go céile ina seal agus a ligfeadh do cheoltóirí eile suí isteach leo agus a thabharfadh “omós don amhrán” nuair a d’iarrfaí ar dhuine amhrán a rá. Íocfar táille le líon beag ceoltóirí agus tabharfar cuireadh d'Aíonna Cáiliúla a bheith i láthar ó thráth go céile. Cuir scéala chugainn ar an ríomhphost seo nó ag an uimhir ghutháin 01-6104442 agus inis dúinn cé ar mhaith leatsa a fheiceáil ann?
An chéad chuid de chlár na hoíche – óna 9.00 go dtí 10.30 pm abair – beidh sí á reachtáil ag “Reachtaire na Cóisire” ag fógairt amhráin agus píosaí ceoil agus corr-dhamhsa ach ina dhiaidh sin beidh saorchead ag a bhfuil i láthair taitneamh a bhaint as an oíche ar a mbealach féin.
A luaithe is a léireoidh daoine a léifidh an fógra seo go mbeidh siad sásta tacaíocht a thabhairt don bhfiontar trí dhul i dteagmhail linn ar an ríomhphost seo nó ag an uimhir ghutháin 01-6104442 fógróimid dáta don chéad “Oíche Ghaelach” agus an t-ionad. Tá súil againn go n-éireoidh go maith linn leis an gcéad cheann agus go mbeidh an t-ionad sásta oíche sa tseachtain a chur ar fáil don Ghaeilge as sin amach.
Más féidir brath ar an dtaithí atá againn go dtí seo beimid in ann aithne a chur ar bhuíonta ceoil úrnua, ceoltóirí agus amhránaithe óga tréitheacha, agus iad a chur ag seinm go poiblí ag ócáidí mar seo le go bhfaighe siad deis seinm arís ar ball ag cóisrí príobháideacha agus ócáidí corpráideacha sa bhaile in Éirinn agus thar lear. Tá taithí ag an áisíneacht s’againne, Good Gigs, ar an obair seo agus beidh áthas orainn cuidiú le ceoltóirí le Gaeilge gigeanna breise a fháil.
Sin a bhfuil beartaithe againn. Má tá moltaí agatsa dúinn bheimis faoi chomaoin agat ríomhphost a chur chugainn nó glaoch ar 01-6104442.
Níl an “Oíche Ghaelach” seo ceangailte le heagras ar bith dá bhfuil ann faoi láthair agus ní bheidh maoiniú á fháil ó fhoinse ar bith seachas flaithiúlacht an ionaid agus tacaíocht na hÁisíneachta. Is go deonach atá an réamhobair seo á dhéanamh. |