|
An Bonnán Buí
le Cathal Buí Mac Giolla Ghunna
(See the translation
by Seamus Heaney
and Thomas McDonagh's translation.
)
A bhonnán bhuí, is é mo léan do luí,
Is do chnámha sínte tar éis do ghrinn,
Is chan easba bidh ach díobháil dí
a d'fhág i do luí thú ar chúl do chinn.
Is measa liom féin ná scrios na Traoi
Tú bheith i do luí ar leaca lom',
Is nach ndearna tú díth ná dolaidh sa tír,
Is nárbh fhearra leat fíon ná uisce poll.
A bhonnáin álainn, is é mo mhíle crá
thú,
Do chúl ar lár amuigh romham sa tslí,
Is gurbh iomaí lá a chluininn do ghrág
Ar an láib is tú ag ól na dí.
Is é an ní a deir cách le do dheartháir
Cáthal,
Go bhfaighidh sé bás mar siúd, más fíor,
Ach ní hamhlaidh atá, siúd an préachán
breá
Chuaigh in éag ar ball le díth na dí.
A bhonnáin óig, is é mo mhíle brón
Thú bheith sínte fuar i measc na dtom,
Is na luchaí móra ag triall chun do thórraimh,
Ag déanamh spóirt agus pléisiúir ann;
Is dá gcuirfeá scéala in am faoi mo dhéinse
Go raibh tú i ngéibhinn, nó i mbroid fá
dheoch,
Do bhrisfinn béim duit ar an loch úd Bhéasaigh
A fhliuchfadh do bhéal is do chorp isteach.
Ní hiad bhur n-éanlaith atá mé ag éagnach,
An lon, an smaolach, nó an chorr ghlas,
Ach mo bhonnán buí, bhí lán de chroí,
Is gur chosúil liom féin é ina ghné is
ina dhath.
Bhíodh sé go síoraí ag ól na dí,
Is deir na daoine go mbímse mar sin seal;
Níl aon deor dá bhfaighinn nach ligfinn síos,
Ar eagla go bhfaighinnse bás den tart.
Is é a d'iarr mo stór orm ligint den ól,
Nó nach mbeinnse beo ach seal beag gearr;
Ach dúirt mé léithi go dtug sí an bhréag,
Is gurbh fhaide mo shaolsa an deoch úd a fháil.
Nach bhfaiceann sibh éan an phíobáin réidh
A chuaigh in éag den tart ar ball;
Is a chomharsain chléibh, fliuchaíg bhur mbéal
Óir chan fhaigheann sibh braon i ndiaidh bhur mbáis.
|