Eo Feasa We translate many
languages, Irish included.
Gaeilge chruinn agus
teangacha an domhain
[ HOME ] [ TRANSLATION ] [ "Obair ar Fáil" ]
 
Saoraistritheoirí / Saoreagarthóirí Gaeilge

Eolas don saor-aistritheoir maidir le hobair
a dhéanamh d'áisíneacht Eo Feasa
.

An tSeirbhís agus ár gCustaiméirí

Soláthraíonn Eo Feasa aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla do Ranna Rialtais, d'Údaráis Phoiblí, agus do Chomhlachtaí Dearthóireachta agus Foilsitheoireachta.

Saoraistritheoirí

Tá painéal d'aistritheoirí Gaeilge láncháilithe againn. Tugtar cuireadh duit scéala a chur chugainn más mian leat go gclárófaí ar an bpainéal seo thú. Tá cur síos ar na cáilíochtaí oideachais is gá a bheith ag saoraistritheoir thíos anseo: cáilíochtaí.

Seirbhísí Eo Feasa don Saoraistritheoir

  • Daoine Príobháideacha: I gcás aistriúcháin do dhaoine príobháideacha cuirfidh Eo Feasa an cliant agus an t-aistritheoir in aithne dá chéile. Beidh an t-aistritheoir féin freagrach as an obair a chur i gcrích in am agus go cruinn. Soláthróidh Eo Feasa seirbhísí áirithe don aistritheoir, rúnaíocht agus bailiú táillí a íocfar le cartaí creidmheasa ina measc.

  • Comhlachtaí Gnó agus Ranna Stáit: I gcás aistriúcháin do chomhlachtaí gnó aitheanta agus ranna Stáit glacfaidh Áisíneacht Eo Feasa freagracht as an aistriúchán a roinnt ar aistritheoirí láncháilithe a bheidh ag obair mar chonraitheoirí neamhspleácha. Tabharfar an chéad dréacht den aistriúchán d'eagarthóir d'fhonn botúin a cheartú agus deimhin a dhéanamh de chruinneas.
Táillí
I gcas na n-aistritheoirí sin a ghlacann le hobair ar conradh ón Áisíneacht íocfar buntáille le haistritheoir as an téacs a aistriú. Íocfar 25% den táille sin le heagarthóir as an téacs aistrithe a chíoradh agus a cheartú más gá. Má tharlaíonn go gcaithfidh an t-eagarthóir an-chuid ama a chaitheamh ag ath-aistriú abairtí nó sleachta nár aistríodh i gceart i dtosach bainfear táille in aghaidh na huaire as an obair sin agus gearrfar an costas sin de tháille an té a d'aistrigh.

Más féidir leis an saoraistritheoir seirbhís Eagarthóireachta a chur ar fáil é féin agus aistriúchán atá saor ó bhotúin agus ar ardchaighdeán cruinnis íocfar 25% eile leis/léi chomh maith as an Eagarthóireacht. Munar féidir iarrfar ar aistritheoir eile an eagarthóireacht agus ceartúchán a dhéanamh. Ní gá go mbeadh a fhios ag an eagarthóir cé a d'aistrigh ná ag an aistritheoir cé a cheartaigh. Pléifear cúrsaí mar sin le Bainisteoir na hÁisíneachta a chinnteoidh go bhfuil gach aistriúchán a sheolfar amach chuig cliant ar an gcaighdeán is airde feabhais is féidir.

Saoreagarthóirí

Níor mhiste linn scéala a fháil ó Eagarthóirí oilte taithíocha a bheadh sásta glacadh le hobair uainn ó thráth go chéile. Íocfar 25% de bhuntáille aistritheora as an Eagarthóireacht. Maidir le cúraim an eagarthóra féach thíos anseo: cúraim.

Spriocdháta

Bíonn spriocdháta cinnte ag gach tionscadal faoina gcaithfear an obair a chríochnú. Gné an-tábhachtach den obair is ea í seo agus ní mór don saoraistritheoir an obair a chríochnú in am. Má tá líon na bhfocal a dhéanfaidh aistritheoir in aghaidh an lae ar eolas againn is féidir linn é sin a chur san áireamh agus muid ag dáileadh na hoibre. Iarraimid ar aistritheoirí atá ag lorg oibre ó Eo Feasa aird ar leith a thabhairt ar an ngné seo den chonradh eadrainn.

Tuairisc Sheachtainiúil ar dhul chun cinn na hoibre

Más amhlaidh go bhfuil roinnt míle focal sa cháipéis atá le haistriú ní mór plean a aontú le Bainisteoir Eo Feasa nó le Rúnaí na hOifige maidir leis an líon focal a dhéanfar in aghaidh na seachtaine. Ní mór dréacht-aistriúchán den méid sin a sheoladh isteach chun na hoifige ag deireadh na seachtaine.

  • Léireoidh an dréacht-aistriúchán go bhfuil an obair á dhéanamh diaidh ar ndiaidh de réir an phlean a socraíodh agus nach mbeidh carn mór de le críochnú cúpla lá roimh an spriocdháta.
  • Laghdóidh an córas seo ar an imní a ghabhann le téacs fada a chur á aistriú agus gan a fhios a bheith ag Bainisteoir na hÁisíneachta cé mar atá an obair ag dul ar aghaidh ó sheachtain go chéile.
  • Ar an droch-uair munar féidir le haistritheoir amháin líon na bhfocal a tugadh di/dó a aistriú de réir amscála an phlean beidh an Bainisteoir in ann an chuid eile a thabhairt d'aistritheoir eile in am.
  • De bhreis air sin tabharfaidh an córas seo seans don Bhainisteoir nó d'eagarthóir súil a chaitheamh ar an obair atá á dhéanamh agus gnéithe den téarmaíocht srl a phlé leis an aistritheoir.

Freagracht

Tá an t-aistritheoir freagrach as caighdeán a c(h)uid oibre féin. Iarrfar ar an Aistritheoir foirm a shíniú le cur in iúl gurbh é/í a d'aistrigh an cháipéis agus go bhfuil sé/sí sásta freagracht phearsanta a ghlacadh as a c(h)uid oibre féin.

Cáilíochtaí

Is iad seo a leanas na cáilíochtaí agus an treallamh a bheidh ag teastáil ó aistritheoir nó eagarthóir don obair seo:

  1. Gaeilge ó dhúchas nó sár-chumas foghlamóra: b'fhearr linn go mbeadh an t-aistritheoir ag aistriú go dtí a t(h)eanga dhúchais féin.
    [ Is doiligh don té nach bhfuil ag saothrú na Gaeilge gach uile lá nó nár chaith cuid éigin dá s(h)aol sa Ghaeltacht aistriúchán d'ardchaighdeán a chur ar fáil. Ní hionann "foclóirís" agus Gaeilge bheo na Gaeltachta. Tugtar "uachtar oighir" mar Ghaeilge ar "ice cream" i bhFoclóir de Bhaldraithe ach is "uachtar reoite" atá sa chaint. Is furasta titim i bpoll tuaiplise agus tú i muinín an fhoclóra amháin. Dá mba saintéacs beacht eolaíochta a bheadh á aistriú seans go bhfeilfeadh "uachtar oighir". Tá neart eolais faoi lorg an Bhéarla agus ceard an aistritheora ar www.focal.ie ]
  2. Cur amach ar Ghaeilge labhartha an lae inniu -- i.e. go mbeidh tuiscint aige / aici ar an difear idir chaint an lae inniú agus focail ársa na bhfoclóirí nach n-úsáidtear ach go hannamh agus nach dtuigfí go héasca gan chabhair an fhoclóra. Gaeilge so-thuigthe nádúrtha atá ag teastáil. Ceist eile is ea an tsaintéarmaíocht is gá le cur síos ar ábhair ar leith. Caithfidh an t-aistritheoir na liostaí nua téarmaí a cheadú chun an focal cuí a fháil sa chás sin, www.focal.ie go háirithe.
  3. Caighdeán ard oideachais, céim ollscoile le honóracha ar a laghad, agus staidéar déanta aige/aici ar theanga agus litríocht na Gaeilge mar chuid den chéim. Ní mór sár-thuiscint ar an mBéarla a bheith ag an aistritheoir Gaeilge chomh maith.
  4. Cáilíochtaí san aistriúchán .i. MA san Aistriúchán agus/nó Séala Creidiúnaithe Foras na Gaeilge.
  5. Taithí mar aistritheoir nó mar eagarthóir.

Trealamh agus Áiseanna Tagartha

  1. Níor mhór go mbeadh ríomhaire agus ceangal leis an idirlíon ag an aistritheoir chun gurbh fhéidir na téacsanna bunaidh agus na haistriúcháin a sheoladh anonn is anall mar cheangaltáin ríomhphoist. Caithfidh scil i MS Word ar a laghad a bheith ag aistritheoir.
  2. Muna bhfuil teacht ag aistritheoir ar an idirlíon is féidir linn glacadh le haistriúcháin ar dhioscanna flapacha.
  3. B'fhiú cur amach a bheith ag an aistritheoir ar cheann de na ríomhcláracha aistriúcháin ar nós TRADOS. Is féidir linn cúnamh agus comhairle a thabhairt maidir le TRADOS a úsáid agus cuimhní TM a sholáthar i gcás téacsanna áirithe.
  4. Beidh réimse iomlán foclóirí idir Bhéarla agus Ghaeilge ag teastáil mar aon le liostaí an Choiste Téarmaíochta atá ar fáil anois ar www.focal.ie. Tá foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill ar fáil ar CD ROM faoin teideal GLÉACHT agus is féidir é a chuardach trí Bhéarla nó trí Ghaeilge. Ní mór bheith san airdeall gan focail chianársa nach n-úsáidtear níos mó sa ghnáthchaint a tharraingt isteach san aistriúchán gan ghá.
  5. Ní mór don aistritheoir bheith sásta Oifig na Logainmneacha www.logainm.ie nó An Coiste Téarmaíochta a cheadú más gá d'fhonn cruinnis agus é sin a dhéanamh ar an táille a shocrófar.
  6. B'fhearr go mbeadh seoladh ríomhphoist agus / nó guthán póca ag an saoraistritheoir chun gurbh fhéidir le Rúnaí na hoifige in Eo Feasa dul i dteagmháil leis/léi nuair is gá. Ba mhaith linn a bheith in ann teacht go héasca ar aistritheoirí atá ag obair dúinn.

An tEagarthóir

Maidir le hobair an Eagarthóra is iad seo a leanas na cúraim is mó a bheidh air / uirthi:

  • a chinntiú gur aistríodh gach alt, gach abairt, agus gach ceann teidil a bhí sa téacs bunaidh agus nár fágadh rud ar bith ar lár gan aistriú;
  • súil a chaitheamh ar chruinneas an aistriúcháin féin.
    (Cé nach bhfuil sé i gceist go mbeadh ar an eagarthóir sleachta a aistriú as an nua ní mór dó/di a chinntiú go bhfuil an t-aistriúchán ag freagairt go cruinn don leagan bunaidh. Muna bhfuil an t-aistriúchán sách maith seolfar ar ais chuig an aistritheoir féin é chun go leasódh sé/sí é nó laghdófar ar a t(h)áille)
  • botúin sa litriú, sa chomhréir, nó sa bhfoclaíocht a aimsiú agus a cheartú
  • an téacs a cheartú de réir an Chaighdeáin Oifigiúil más gá sin
  • an téacs a ullmhú don chlóchuradóir maidir le cinnteidil srl a fhormáidiú
  • an t-aistriúchán a fhágáil chomh cruinn beacht agus is féidir sula gcuirtear ar ais chuig an gcliant é.
  • a bheith in ann prufaí a léamh agus comharthaí ceartúcháin na gclódóirí a úsáid.

Is é an t-eagarthóir an duine deireanach a fheiceann an téacs sula seoltar chuig an gcliant é. Iarrfar ar an Eagarthóir foirm a shíniú le cur in iúl gurbh é/í a scrúdaigh an cháipéis agus a cheartaigh í oiread is ba ghá agus go bhfuil sé/sí ag glacadh freagracht phearsanta as a c(h)uid oibre féin. Socrófar táille an eagarthóra ag ráta in aghaidh na huaire.

Iarratais

Mar atá ráite thuas tá painéal aistritheoirí á ullmhú againn faoi láthair agus cuirfimid fáilte roimh iarratais ó aistritheoirí agus ó eagarthóirí sár-oilte taithíocha a bheadh sásta glacadh le hobair uainn faoi na coinníollacha atá mínithe thuas .i. an Tuairisc Sheachtanúil agus na Dréacht-Aistriúcháin, an fhoirm fhreagrachta a shíniú agus na táillí a luaitear srl

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin obair seo agus cúrsaí airgid a phlé cuir fios ar fhoirm iarratais agus/nó cuir CV chuig Eo Feasa anseo nó scríobh chuig Bainisteoir Eo Feasa, Geata Léim an Bhradáin, Léim an Bhradáin, Co Chill Dara. Cuir glao gutháin ar 01-6104442 idir 9.00 rn agus 1.00 in, Luan go hAoine, más fearr leat.

Más amhlaidh go bhfuaireamar iarratas agus CV uait roimhe seo seans nach gá duit ach ríomhphost a chur chugainn á rá go bhfuil tú ar fáil arís chun obair a dhéanamh.

Má fheiceann tú botúin nó ciotaíl ar an leathanach seo nó ar leathanach ar bith eile den láithreán seo cuirfimid fáilte ó chroí roimh cheartúcháin -- dá mhéid ár náire dá mbarr! Cuir scéala chugainn anseo.